Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Adharc Thoraí. | 00:02:41 | |
A chuimhne ar an dara cogadh mór agus go leor a tháinig i dtír ag an am – muiceoil, im agus geir (lard). | 00:05:26 | |
A chuimhne ar na conbhuanna ‘Convoys’ le feiceáil i rith an chogaidh. | 00:01:43 | |
An ceangal idir an oileán agus tír mór, bhí amanna a thagadh siad amach as an oileán ach nach mbíodh siad ábalta fail isteach an oileáin arís leis an droch aimsir. Bhí gaol agus aithne mhaith aige ar mhuintir Mhín an Chladaigh. Bhí sé ina gcuideachta nuair a bhí siad thall in Albain. Bhí dúil aige thall in Albain. | 00:06:11 | |
Shocair sé i dToraigh arís i ndiaidh pilleadh agus pósadh agus cheannaigh sé teach ar an oileán a raibh oifig an phoist leis. Bíonn sé amach agus isteach go dtí an oileán anois ach feiceann sé athruithe mhór. Níl oiread oibre le déanamh anois, tá scoil agus araile acu fosta. Tá saol breá ag muintir an oileáin anois. Tá léir carranna ar an oileán fosta, ina óige ní raibh fiú rothar aige féin. | 00:06:34 | |